Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Ór agus Airgead i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1
    Do chreid na sean-daoine sa cheanntar so go raibh airgead i bhfolach annso agus annsúd in áiteanna áirighte go mhór mhór ins na caisleánaibh. Bé a dtuairim go raibh gac lios lán de ór agus de ólamaitheas an dómhain, agus deiridís ná raibh aon áit go raibh sean-chabhlach in ar mhair daoine aon uair amháin ná go raibh airgead i bhfolach nó le fagháil ann dá bhfeadfaí an áit gur cuireadh i bhfolach é d'aimsiúgadh.
    Níor b'aon iongnadh bféidir gur chreideadar é mar gan dabht san tsean-shaoghal ní hiad na nótaí púint a bhíodh aca act an tór buidhe na shobherní agus na leath-shobherní gléineacha dearga. Má bhí na bainnc ann níor chuireadar an t-airgead ionnta. Ní baoghal gur bhacadar leó mar ní raibh aon mhuinighin aca a' lucht an bhainnc. Choimeádar sa bhaile é istig sa chórthain fé ghlas. Acht annsan innstear dúinn go dtáinig an droch-shaoghal agus na sean daoine bocta go raibh aon ábhar airgid aca bhí eagla orra go dtiocfhadh na saighdiúirí dearga agus go mbainfhidís díobh é. Bhí gadaithe ag gabháil tímceall leis agus rud ba mheasa na san bhí fó-dhuine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge