Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)

Suíomh:
Doire Chonaire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn de Paor
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 418

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chonaire
  2. XML Leathanach 418
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    eadtora féin é agus bhídís ag obair ann agus gheibhidís leite min bhuide chun a ndinnéir agus ní gheibhidís a dhóthain de sin leis. Gheibhidís tímcheall seacht bpingine gach lá. Bhíodh na mná ag obair ann leis agus 'sé an págh lae a bhíodh acu ná trí pingin. Lá dá raibh Cáit Ní Dhruim ag obair ann do phioc sí beart brosnuig agus chun go mbeadh spórt acu ar Cháit do las síad an brosnuig uirthe. Chúaidh sí abhaile agus níor tháinig sí go dtí an bóthair a thuille. Núair a bhídís ag blastáil chuiridís rudaí anúas ar an bpoll agus raghaidís súas san aer. Chúaidh fear ag obair lá agus bhí cóta núa aige agus chuireadh anúas ar an bpoll agus chúaidh sé súas sa spéir agus b'éigin do dul abhaile gan a chasóg nua aige in aon chor.
    CÓMHGAR an AIFRINN:-
    Téighidís treasna Carraig a' Chaipín agus as san amac go dtí an droichead. Ní bhíodh aon droichead ann an úair sin acht ciseacha tríd an abhainn agus an droichead a thugadiís air. Núair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Concúbhar Ó Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Both Chearnaigh, Co. Chorcaí