Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)

Suíomh:
Doire Chonaire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn de Paor
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chonaire
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “An Ghorta”
  4. XML “An Ghorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ghorta do bhíodh gach áit breacuighthe le daoine bochta agus úaireanna bhíodh b'féidir dosaon istig i dtig i dteanna a chéile agus gan leabaidh le fághail acu acht luighe síos ar sop féir agus mórán eile amuigh fén spéir.
    Peig Ní Shúileabháin, Doire Conaire. Fuair sí é ós na sean-daoine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do fúair morán daoine bás ins an droch-shaoghal. Do dhuibh na prátaí ortha dhá bhlían as a chéile. Ní raibh aon bhíadh eile le fághail an úair sin acht íad agus ní raibh aon airgead acu chun aon nídh do cheannach acht do chabhaireadh beagán úaisle le'n a céile chun súp a thúbhairt dóibh. Bhíodar á thabhairt an t-súip amach sa Mhóitín le h-ais tig ósta an Eccles agus tá gáirdín ann anois agus tugtar air anois Gáirdín an tSúip. Min bhuidhe a bhíodh acu á dhéanamh agus blúireacha feóla tríd. Do bhí mná agus fir ag tabhairt amach an súp acht ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.