Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)

Suíomh:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 241

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Leathanach 241
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair fágadar an tig bhíodar ag seanacas agus ní raibh aon cuímhne aca ar an bóthar mór fada a bhí rómpa cun cur díobh, agus ní raibh an bothair chómh deas reidh an uair sin agus atá anois agus ní raobh na tighthe go leir ar taobh an bóthair cun dul isteac ann cun do breacfeasta nó do dinnéar. Nuair a biodar cúpla mile slíghe on dtig do stad an capall láithreach ar an mbóthar do bhí mo sean-athair 'á bhualadh act ní raibh corraíghe as an gcapall annsan do cuaidh an capall tamall eile, annsan do connaic mo sean-athair fear mór 'na sheasamh i lár an bóthair. Díarr an fear sídhe ar mo sean-athair cá raibh a thríall, agus dubairt mo sean-athair go rabadar ag dul go Beanntraíghe. Ní raghadh an capall thar an fear. Do bhí sé ag cur ceisteanna ar mo sean-athair agus bhí sé sin 'á fhreagairt. Annsan do rith an capall agus d'fághadar an fear sídhe i bfadh an ndíaidh. Tuit a codhladh ar mo sean-athair agus nuair duisig sé ní raibh aon cúimhne aige ar an bfear sídhe. Do bhí an fear a bhí in aonfhact leis 'á innsint do mar geall air. Nuair a tangadar abhaile bhíodar 'á innsint do muinntir an tíghe agus bhí iongnadh an domhan ortha go léir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Suilleabháin
    Inscne
    Baineann