Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 271
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aon ceann aca an bhlaidhin sin. Ní maith le daoine d'aistrú isteach i dtig núadh De Lúain nó De h-Aoine. Bíonn "lá crosta na bliadhna" ann trí lá in dhiaidh lá Nodhlag. Ní phósann aon duine an lá san nó ní maith leó síl a chur an lá san. Se an brí atá le "Rabhartaí Geala na Cásga" ná tráig mhór a thagann i gcómhnuidhe seachtmhain ná Cásga. Tagann "Laetheanta na Bó Riabhaice" na trí lá deirnach do Márta agus bíonn an aimsir sin ana fhúar mar is é sin an aimsir a fuar an Bó Riabhach bás. Ana lá scioláin do cur iseadh Aoine an Céasta. Dá mbeadh cailín chun pósadh agus nuair a bheadh sí ag dul isteach i dtigh a fhir caithfeadh duine í túbhairt thár tháirseac an dhorais.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí