School: Béal an Chrobháin (roll number 11023)

Location:
Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
Teacher:
Tadhg Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0276, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal an Chrobháin
  2. XML Page 279
  3. XML “Bacaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bíonn t-inncéirí agus lucht siúbhail ag dul tímcheall na h-áite seo go mhion minic. Daoine bochta iseadh íad a bhíonn ag íarraid déirce agus uaireannta bíonn síad ag díol sáspain, pictiúirí peannuighthe buicéídí agus alán rudaí eile.
    Tagadh bean go minic darab ainm dhí Bríghid Ní Currín. Ag íarraidh déirce a bhíodh sí agus bhí ana mhisreach agus droc bhéasa aici. Dá mbeadh an dinnéar ar siúbhal nuair a thiocfadh sí isteach, do théígeadh sí chun an bhúird agus strapadh sí léi rud éigin a's an bhórd gan náire na eagla. Do bhí mo deirbhsúir ag ullumú an dinnéara lá agus ní raibh aoinne eile istig. Tháinig Bríghid isteach go dtí an bórd. D'ól sí an líathadh a bhí ins an crúisgín ann agus cuir sí ceathramhadh tae isteach in a mála agus amach léi. Do bhí eagla ar mo deirbhsiúr roimpe mar níor aithin sí í agus ní leigfeadh eagla di cur isteach uirthi.
    Cúaidh sí isteach i dtig eile an lá chéadna agus thug búachaill dá phingin di agus dúbhairt sé léi coróinn Mhuire do rádh do. D'imtig sí úaidh agus tar-éis tamaill d'iompuig sí ar a sáil agus dúbhairt sí, "Ní deirim paidreacha dhom féín." Sin an buideachas a bhí aici do. Dúbhairt sí go raibh sparán mór airgid aici agus nuair aithrig na daoine óga í, bídís ag íarraidh an sparán do thógaint dí mar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Mhurcadha
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Na hAoraí, Co. Chorcaí
    Informant
    Bríghid Ní h-Ealuighthe
    Gender
    Female
    Address
    Na hAoraí, Co. Chorcaí