Scoil: Béal an Chrobháin (uimhir rolla 11023)
- Suíomh:
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal an Chrobháin
- XML Leathanach 276
- XML “Ainmneacha Áite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ainm a glaodhtai ar coill an uair sin ná doirín. Glaodhadh Doirín a' Cuais air na diaidh san. Tá áit eile annso ar a glaodhtar Olla Beag. Tá tobair beag ann agus tá leigheas san uisge. Teigheann daoine ann cun turus a dheanamh. Glaodhadh Olla Beag air na dhiaidh san. Tá áit eile ann agus glaodhtar Cnocáin Breaca. Tá mórán cloch ann agus tá fraoch agus aitinn ag fás ann. Sin é an fáth gur glaodhadh Cnocáin Breacha air. Tá loch beag sa cnoch agus glaodhtar "Loch a' Lín" air. 'Sé an fáth gur glaodhadh an ainm san air:- Do chuireadh na daoine líon isteach ann cun é do bhánú agus glaodhadh "Loch a' Lín ar na diaidh. Tá carraig amuich sa bhfairrge inaice an Poinnte agus glaodhtar "Carraig a' Dhonn" air. Tá saghas cairraigín ag fás ann agus glaodhtar "Ceann Donn air. Bhiodh na daoine á phiocadh agus a dhíol. Deirtí go mbíodh galúnach á deanamh as. Deineadh bhéarsa do'n charraig mar gheall air. Seo é:-"Tá "Carraig a' Donn á rádh"
Go bhfuil sí láidir achfuineach."
'S tá uirthe siúd slapara ag fás
Ó imthig an tál a streacadh í."Tá gleann sa chnoc ar a glaodhtar "Féith Buidhe. 'Sé an brígh atá le féit ná:- rud cúmhang fada (vein). Bhí an talamh san fiadhan ar dtúis ach deineadh feirm de taréis tamaill. Bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamus Mach Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Maighréad Ní Urdail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí