Scoil: Béal an Chrobháin (uimhir rolla 11023)

Suíomh:
Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Tadhg Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal an Chrobháin
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fádó núair ná raibh dochtúirí ann mar atá indiu do dheineadh na daoine léighseanna as rudaí nádúra. Seo cuid des na léighseanna a bhíodh aca:
    Cun duine le bhruitíneach do léigheas do bhainidís an liobán liosta agus ghearraidís na phréamhacha de. Ansann do bheirbhídís íad agus do bheiridís an t-uisge le ól don duine bhreóite. Bhíodh chrotach na gcadrach aca i gcóir an bruitínig. Do bheirbhidís é agus do chuiridís bainne ann agus do thugaidís don duine bhreóite é. Do bheiridís uisge salann ón bhfairrge agus cuid beag feamnaige leis dos na dathacha. Do níghidís na ghéaga teinne leis. Seo an leígheas ab'fearr a bhíodh aca i gcóir na dathacha ná, do mairbhídís Nóra na bPort agus annsan do bheiridís na chnámha. Do chuiridís an uisge isteach i buidéal. Nuair a bhíodh sé ann ar feadh tamaill agus annsan do chiumilidís leis na géaga é. Do bheiridís cuirpíní triocha agus d'ólaidís an uisge i gcóir an tridich. Bhíodh fúighlach feiréide aca i gchóir an truic leis. 'Sé an brígh atá le fuighleach feiréide na: thugaidís go leór bainne don feiréide agus an fuighleach a bhíodh fágta, tugaidis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamus Mach Chárthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Máighréad Ní Úrdail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chaitiairn, Co. Chorcaí