Scoil: Urhan (C.) (uimhir rolla 12260)
- Suíomh:
- Iorthan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eimile Ní Urdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Urhan (C.)
- XML Leathanach 230
- XML “Cliamhain an Rí - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-lanamhain ann fadó agus bhíodar an-chríona nuair a rugadh leanbh mic dóibh agus bhí "brand" ar a éadan go mbeadh sé pósta ag inghean an Rí. Chualaidh an Rí go raibh a leithéid ann agus tháinig sé fé 'na dhéín. D'iarraidh sé do'n tsean-lanamhain ar leó féin an leanbh. Dúbhradar gur leo. Dúbhairt an Rí leo go dtógfadh sé féin an leanbh agus go dtabharfadh sé an oiread san airgid dóibh; gur bhfearra dóibh an t-airgead ná an leanbh; 'san am go mbeadh an leanbh suas 'na fhear go mbeadh an bheirt aca caillte; an méid airgid a thabharfadh sé dóibh go gcoimeádfadh sé an fhaid a mhairfidís. Ba dheachair leo tabhairt isteach scaramhaint le n-a leanbh agus i ndeire na scríoba dúbhairt an mháthair go dtógfadh sí an t-airgead agus do thugadar an leanbh do'n Rí. Thóg sé leis abhaile é. Fuair an Rí bosca. Chuir an leanbh isteach san bosca; Chuir sé clúdach air agus scaoil sé an bosca leis an tuile.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Éalaighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86