Scoil: Urhan (C.) (uimhir rolla 12260)
- Suíomh:
- Iorthan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eimile Ní Urdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Urhan (C.)
- XML Leathanach 227
- XML “Amhrán - Maidrín Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán - Maidrín Rua (ar lean)
“Tá Máire Ní Shéa creactha 's cuid feara d'á dhíol amach”
(ar lean ón leathanach roimhe)(ar lean)
Ciach agus deachair ort, a mhaidrín ruadh na gcleas
Nár chuadhais siar ar na barraibh, sa seana-bhall críona shlad
É thabhairt leat abhaile do mhairfeadh sé mí led' ais
Is beidh fiadhach ort-sa feasda mar caithfidh tú sgiobadh leat.Fán suas chun na gleanna, 's ann atá an talamh mhín iseal dheas,
Geobhair uain ann gach maidin, bhí faire ar a n-éirghe amach,
Geobhair géana, 'gus cearca, 'gus lachain ar lín le n-ais'Sná bhíonn buadhairt ort ná mairg, fan treasna na bhfír ó dheas,
Soir chun na Ceachan is treasna chun Cúm na Leach,
Chun Rochuns[?] na Dreapa 'gus Gleann Inse Chuinn ó dheas
Is ar m'lúach má castar thú, i gcaitheamh na h-oidhche ann stad.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Éalaighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dhá Dhrom, Co. Chorcaí