Scoil: Urhan (C.) (uimhir rolla 12260)
- Suíomh:
- Iorthan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eimile Ní Urdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Urhan (C.)
- XML Leathanach 214
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá caillte ar ceal uisge. An té do dhéanfadh poll thuas i gceann na sráide in aice na faille, do thabharfadh an poll sin uisge don chathair."
Do bhí an lá ag gealad annsan air agus sé an chéad rud a dhein sé ná an drucht a chimilt dá shúile agus do tháinig a radairc dho cómh maith le riamh. An tarna rud a dhein sé - do pioch sé billeóga an chrainn agus do líon se a phócaí díobh agus d'imthigh se abhaile annsan. Nuair a chuaidh se abhaile do bheirbhig sé na billeóga im braon uisge agus do dhein sé fé dhéin tighe an Rhiogh annsan. Dubhairt sé leis an Rí go raibh sé ag teacht cun a ingin do leigheas Do bhí an Rí ag gairidhe fé ach dubhairt sé leis triall do thabhairt do. "Mara leighisfur í" ars an Rí "bainfidh mé an ceann díot." 'Má leighfead í ars an buachaill a bhfuighead le pósadh í ?" "Gheobhair" ars an Rí. Do thug sé dhí braon don uisge a bhí sa ghalún I gceann tamaill eile thug sé dhí braon eile Nuair a bhí an triú braon(leanann ar an chéad leathanach eile)