Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)

Suíomh:
Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Domhnall Ó Hurdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
  2. XML Leathanach 066
  3. XML “Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí tuille mhór in abhainn Cílmhiceóghain sa bhlían 1916. Do deineadh a lán diobhála san am san. Tháinig an tuisge isteach i dtig Diarmúda Uí Mhurchadha. Bhí abha bheag ag rith inaice an tighe agus tháinig sé isteach an doras atá ar agaidh na cistineach. Tháinig an tuisge anshíós ó'n abhainn móir agus isteach an doras eile, agus do tógadh a lán rudaí a bhí inaice an tighe. Do bhris an tuille droichead mór atá suidhte timcheall leath-mhíle ó'n sgoil seo. Do leagadh na fallaí, agus tháinig an t-uisge ó's cionn an bhóthair. Dá bhrígh sin ní raibh aoine ábalta dul thar an droichead. Do tógadh arís é, agus tá sé in a sheasamh fós.
    Oidhche Nodhladh fadó bhí gála mhór ins an áit seo. Timcheall sé nó seacht bliana ó shoin do bheadh é. Do deineadh a lán léirsgrios san am san. Do bhí ceárdhtha inaice an bhóthair mhóir atá ag dul ó Bailecaisleáin go dtí na h-Aodhraí. Do tógadh an díon as, an oidhche sin. Taréis san do leagadh chuid de's na clocha. Ní'l ann anois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Urdail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó h-Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí