Scoil: Urhan (B.) (uimhir rolla 12259)

Suíomh:
Iorthan, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0275, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0275, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Urhan (B.)
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Eoghan Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fé dhéin an chorcáin ach is amhlaidh a bhí an cearc greamuithe ar chois ag fear agus é ag imtheacht an doras amach léi. Bhí sé ag briseadh a chroidhe ag gáiridhe fén mbeart a bhí imeartha aige ar an bhfile. Tháinig an buachaill tar n-ais agus do shuidh ag an mbórd arís agus níor fhan focal aige. Do labhair an file leis agus adubhairt:-
    A bhuachaill mhaith andeas thar Dún na Slógh
    Cad fá dhuit stad nó cad i cás dod chúthaileacht bóird?
    An milleadh bán do bhain díot féin do ghlór.
    Nó an é cailliúint beathadh t'athair fáth do bhróin?
    Do fhreagair Eoghan agus adubhairt:-
    Ní milleadh bán do bhain diom féin mo ghlór.
    Is ní hé cailliúint beathadh t'athair fáth do bhróin.
    Ach mo chreac í an chearc, ba mhaith a soup 's feoil.
    Í goidte ag fear 's é 'magadh fút-sa, a Sheoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Ó Síothcháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cathair Choinn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Shíothcháin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cathair Choinn, Co. Chorcaí