Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)
- Suíomh:
- An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Chathair Mhór
- XML Leathanach 293
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)6.
Na trí neithe ná féidir dfhoghluim, guth, filidheacht, agus féile
7.
Na trí rudaí ná féidir d'feiscint, Faobhar, Gaoth agus Grádh.
8.
Na trí neithe ná féidir d'fághal, Bainnecích circe
Agus é a chur ar adhairc mhuiche
Agus é ag suathadh le cleite cait.
9.
Na trí neithe ná féidir d'tuisgint
Inntleacht ban, Iantleacht beach agus [?]teacht agus imtheacht na taoide[?].
10.
Na trí truagha níos mó amuigh
Óige gan smachtúghadh
Uaisle gan beathúghadh
Agus críonacht gan aithríghe.
11.
Na trí saghas intinn, intinn reatha, intinn cloiche, agus intinn céireach.
12.
Na trí rudaí ná fuil maitheas ionnta
Lá breagh sa Geiridh
Nó sláinte duine críona
Nó focal duine mór gan sgribhinn
13.
Fada mairig tú féin go mairg do bhéas.
14.
Tóg a bhfaghair agus díol a bféadtar Agus geobhair féin nó fear na bhfiach bás.
15.
Ná trí neithe is measa bhí i dtig riamh Díolaidóir fluich
Síoladóir tiubh
Nó bean a tighe bheadh a goid.(leanann ar an chéad leathanach eile)