Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Mhór
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Paidir 4
    Árd Rí na n-Aingeal
    Do cheannaig go daor sinn
    D'Fhuilig é céasadh ar a gcrann go h-árd
    Tarraingeacha na scillinge a trachta[?] a ghéaga
    Agus an cleith lúdaigh daill
    Ag dul thrí na thaobh deas
    Thar cheann na cine daona
    Á saoradh ar an namhaid.
    Paidir 5
    A Míchil naomhtha glaodhaim ar t-ainm
    A Eoin Bhaiste grádhaim thú
    Táim a d'iarraidh cabhair oraibh do' mhanam
    I gcóir an catha ná táinig
    Nuair a bheidh an t-súil a dhunadh
    Is a bhéal a leachadh [?]
    Agus a meabhair ag imteacht go fánach
    Mo cúis a glaodhach agus mo léas a caithte
    A Dhia Mhóir saor-se mh-anam an lá san.
    Paidir 6
    Luighim leis an Trínóid ró glórmhar
    Leis an Mhaighdean Muire agus le Naomh Ióseph
    An t-Aingeal cóinleachta agus déanamh treó dhom
    Agus bhrat beannaithe na Maidne Glórmhar
    An t-Uan trócaireach ag luighe ar leabaidh liom,
    Agus Íosa ag eirú asta liom
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nora O' Sullivan
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Faisnéiseoir
    Mrs Mary Sullivan
    Inscne
    Baineann
    Aois
    88