Paidir 1
San uair úd aréir
Is im' uaigneas liom féin
Is mé a smaoineamh ar an uair úd
Bhead go fuar lag sa chré
Iarraim grásta Dé
Agus grásta an Spioraid Naomh
Cun a croise d'iomcur
Ins sa túr so liom féin.
Carry the cross
Don't drag it
Paidir 2
A bhanríoghan bheannaithe is a bhanaltra Rí na nGrás
Caithim suas m'anam ort anois agus gach am sa lá
Nuair imtheóidh an tanam as an gcolan go fuair gan fáil
Bíse 'maice agus seasaimh
Go cruaidh mo chás
Paidir 3
A banríoghan beannuigthe is a banaltra Rí Glórmhar
Tá an saogal-sa m'dhalladh agus
Ná léig mé chun mhí-dhócháis
Agus a Críost bheir m'anam go Cathair na Glóire
(leanann ar an chéad leathanach eile)