Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Mhór
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “Scéílín Eile mar Gheall ar Owen Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Owen Buidhe athair Mhuireann a mhaireactaint i nGleannaráth agus bhí sé in a shuidhe lastuas dá tig tráthnóna Domhnaig agus bhí marcach ag teacht i leith Sean-bhóthar cnochán Scríobhógach agus bhíodar ag féachaint air. Bhí an duine aca gá rádh gurab é an fear so é agus agus doine eile gá rádh gurab é an fear úd é. Agus bhí Owen Buidhe ag éisteacht leó. Fé dheire do labhair sé agus seo a dubhairt sé.
    I bhfad cughaibh an mearú tá oraibh go léir
    Ar amarcha an mharchaig ag teacht i gcéin
    Agus each, súgach, mear, lúthmhar, máíseach fé
    Is ní feadarabhar nách barún ó Nápils é.
    Bhí Owen ag dul go Baile Chaisleáin nó áit éigin as baile lá. Agus do buail duine eile leis. D'iarr sé an diallait ar Éóghan.
    "Téirig go dtí an tig" ar seiseann "agus tabharfaidh Muireann an iallait duit."
    Níl aon giorta san iallait arsa Muireann agus gabh sé leath-sgéal ná raibh teine ná biadh aice. Do bhuail Owen Buidhe roimis an fear agus é ag teacht abhaile airís.
    "An bhfuairis an iallait" ar seiseann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    D. Ó S.
    Inscne
    Ní fios
    Faisnéiseoir
    Peats Thaidhgín
    Inscne
    Fireann