Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Mhór
  2. XML Leathanach 206
  3. XML “Muirionn i bhFaoide”
  4. XML “Muirionn agus Puxley”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Théigheadh Muirionn ó áit g h-áit. Uair a bhí sí ins an Oileán Faoide le h-ais Beanntraighe. D'fhiafruigh comharsa dí conus a thaithn an áit léi. 'Sé seo an freagra a thug sí dó:-
    Ní thaithneann na h-aírd liom ná bántacht na mísleacht
    Agus ní bhfhuaras mo shláinte ó thánag do'n tír seo,
    Ach iompiláil 'dir bhádaibh ó Baile Caisleáin go Faoide,
    Is mar ar thaithghis do bhfearr liom 'dir Bhearnes is Buidhe Bheith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí Muirionn lá ag dul go Baile Caisleáin agus do bhuail duine des na Puxleys léi
    " A Mhuirionn" ar seisean, abair bhéarsa dhom
    "Ní fhéadfainn é", arsa Muirionn. Thóg sé amach pistol agus do bhagair sé uirthe é. Do labhair Muirionn annsan agus seo a dubhairt sí
    Is éisec mise agus do b'annamh le béarra meath
    Agus is aerach pistol ar chuisle Mhic Mheir na gceap.
    Fear caorach d'ithe agus do thugadh ó sléibhte ba
    An chéis de'n ithir an Phunann sa déis de'n tsraith
    Is mithid dúinn na Conairtig seo dhíbirt uainn
    Is fadó bhriseadar ár gcuisleanna 'gus ár maoin go luas
    Sgrios nimh ortha do cuirfid iad go hióchtar tuain
    Is gan fághail filleadh ortha go dtiocfaidh [?] is an Mhuing anuas.
    "Ná habair a thuille a "Muirionn" ar sa san, ngusthig só leath-coróin [?]
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge