Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Mhór
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Cathair Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí captaoin i gCuíbec uair amháin agus tháinig fear cuige agus do hirál sé é cun last adhmaid do thabhairt go Bádh Beanntraighe. Agus nuair a thánadar go talamh árd Corrogha do stad sé annsan agus do leagadh an tancaire amach. D'imthig an tadhmad aisti agus ní raibh fhios aca cár gabh sé. Nuair a mheasadar an tancaire do tharrach ní fhéadfaidís bogadh ná sáidh do bhaint as.
    Chuaidh duine des na mhaírnéalaig síos ar slabhra an ancaire agus cad do bhí thíos roimus acht tig agus bhí an tancaire fé lich na társaighe. Chuaidh sé isteach sa tig agus bhí cailín óg ina suidhe síos ar chathaoir.
    "Dia do bheatha," ar sise.
    "Go mairir i bhfad," arsan maírnéalach.
    "Geobhair," ar sise, "aon rud sa tig do theastóig uait".
    "Tógfad an muchín óir atá annso," ar seisean.
    "Faire fút," ar sise, "ní bheidh aon lá ratha coidhche ort. Dá marfá mé féin ar dtúis do bheadh an draoidheacht imthighthe de'n cathair agus do bheadh do dhóthain an tsaoghail agat"
    I gcionn seacht mbliana na dhiaidh san bhí an Captaoin ceadna i gCuíbec airís agus tháinig fear cuige cun last adhmaid do thabhairt go Bádh Beanntraighe.
    "Is dóigh liom," arsan Captaoin, "go bhfeaca ceana thu. An tú an fear do hírál mé cun dul go Bádh Beanntraighe?"
    "Cionnus aithnigheann tú é?" arsan fear. Cuir do lámha ar do shúile," ar seisean. Do chuir an Captaoin a dhá láimh ar a shúilibh.
    "An súil dheas," arsan Captaoin. Chuir an fear a mhéar in a shúil agus do dhall sé súil dheas an captaoin agus is dócha nár thug sé aon last eile adhmaid go Bádh Beanntraighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge