Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Chathair Mhór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a bhí Domhnall geall le claoidhte ag an Sasanach bhí a phictiúir i ngach áit in Eirinn acht i gCiarraidhe. Agus é ar bhád na Scealge tháinig cúig cinn d'átharaighe an tSasanaig timcheall air.

"Fuilig bheith gabhtha", ar siad leis.
"Táim toiltheamhnach lies", arsa Domhnall, "acht tagaidh annso ar bórd cúgham go mbeadh deoch fhíon' againn sar a dtógfaidh sibh mé"
Chuadar ar bórd agus dubhradar leis na mairnéalaí a bhí sa [?] aca dul thar nais agus fanamhaint go nglaoidhfidís féin ortha.
Chuadar thar nais. Ní rabhadar abhfad ag ól an fhíona nuair a cheangal Domhnall iad agus chuir sé fé hairtíbh iad. Nuair a thuit an oidhche annsan bhí leath bharaille taraig ar bórd ag Domhnall agus do las sé é agus do leig sé go breágh réidh san uisge é agus do mhúc sé a [?] féin agus siúd ó dheas thrí Súinte baoi é agus as san go Cuan na Cruinne sa Spáin.

Bailitheoir
D. O' Suilleabhan
Inscne
ní fios
Faisnéiseoir
Pats Thaidhgín
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge

Seasamh ag geata Tig na mBocht i mBaile Caisleáin Bhéárra agus féac díreach ó dheas thrí bhéal a' chuain agus ta Cuan na Cruinne sa Spáin i n-aon líne leó ar aon-díreach ó dheas.

Bhí fhios ag Muinntir Bhéarra go raibh Domhnall marbh sar a bhfuaradar aon sgéal ó'n Spáin. Do ghaibh an ghuth tríd an speír thar phaircheanna an Fhoghmhair agus 'sé dubhairt an guth:

Iarla Faoide agus Rí na Díseart agus Dún na Baoi na seólta;
Tighearna tíorthach, biadhmar, bruigheanmhar,
Is ceach mo chroidhe thu a Dhomnaill