Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dónall Cam

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Domhnall Cam (mé féin - ó Phats Thaidhgín)
do ghlaoideadh domhnall Cam air mar 'fear caol árd croma slinneánach do bead é, agus rithsheacha cama aige'.
Cath-Sliabh lapach idir domhnall Cam agus dú dara Mhac Suibhn
bhí troid idir domhnall Cam agus Dú Dara Mhac Suíbhn in aimsir domhnall, agus i nGairnis a bhí na hátharaighe ag dú dara. An tríomhadh lá dos na laetheantaibh diarr bean dú dara ar an correspondent cia a bhí troid le na fear indiu.
"Fear caol, árd croma shlinneánach; agus rithsheacha cama aige", arsan correspondent
"Níl aon dul ar aige ó'n fear san". arsan bhean. "Sin é domhnall" ar sise.
De reír deárramh nár sheasamh an cogadh acht trí lá. bhí fear i gCilláthach agus glaodhadh "Fear Cilláthach" air. bhí tig ann istig i bpost agus bhí sé mar bannc aige an uair sin agus sgadhtháluí do beadh é. Tháinig sé cúcha nuair a bhí cath ar leath-taoibh.
Nuair chonnachadar ag teacht é chuireadar fear marbh ar sheasamh agus gunna fén a ucht, agus dubhairt Domhnall leis imtheacht síos agus an gunna do thabhairt aníos cuige. Chuaidh Fear Cilláthach síos agus d'iarr sé an gunna ar an bhfear marbh; agus ní thabharfadh sé dó é. Dhein domhnall bhéarsa annsan;
"A fhir chalma nár sheasamh linn i nam lá na bhruighin,
Is gur gheallaise ar maidin dúinn go mbeannfea dís,
ba mhairg duit nách mar Sgaifire an Sreanntáin a bhí
Agus h aigne cuir go seasathach ag roumsáil claidheamh"
Sgaifire an Sreanntáin do beadh Muirecheartach O'Súilleabháin. Bhíodh sé ag Sreanntáin fé'n a fhiachla. Nuair a chuala sé go raibh an cath ar suibhal d'eirig sé as a leabaidh fhiabhrais agus chuaidh sé féin a dhéin. domarbhuigheadh dú dara insan chath; agus do síneadh amach é ar leac mhór leastuaidh dé bhárnes agus dubhairt file éigin:- "An gairbhean gairbh na gaoithe adthuaidh
Mar a leagadh Dú Dara Mhac Suibhn ar uaig."

Faisnéiseoir
Pats Thaidhgín
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge