Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Baoi (Dursey)
- XML Leathanach 008
- XML “B'fhéidir gur mar sin Féinig É”
- XML “Aicíd i Leataoibh Do Ghoile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fhill an sagart thar n-ais agus do bhuail sé buille dá hata ar an mboin agus d'éirigh sí chomh maith agus do bhí sí riamh.
- Bhí sagart uair eile a gabháil suas Faill Dearg inaice le Baile Chaisleáin Bhéara. Do bhí tart air agus nuair a bhí sé a gabháil thar tig do bhuail sé isteach chun deoch d'fhagháil. Bhí bean istig agus bhí sí a' déanamh cuigine.
D'iarr sé deoch uirthi. Do fuair sí deoch uisge liath dhó agus ní raibh ann ach gur chuir sí dath an bhainne air. D'ól sé an deoch agus ar ghabháil amach do, do labhair sé isteach léi,-
''Aicíd i leath-taoibh do ghoile,
Mar is olc do dhathaighis a' t-uisce.''
Dá mbeadh sí a gabhailt do'n chuigionn ó shoin ní fhéadfadh sí im a thabhairt ann ná níor thóg sí blúire ime de.