Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)69. Tá cainnt saor is airgear ar thobac.
70. Sgéal Caillighe an uathbháis.
71. Bíonn an fhírinne searbh ach ní faghann sé náire go deo.
72. Ní creidtear an fhírinne ón nduine mbréagach
73. Ní h anocra go h éitheach.
74. Imthightheann an téitheach leis an ngaoith agus tagann an fhírinne 'na thon féin.
75. Is sia a théigheann an t-éitheach ná an fhírinne.
76. Ní bréag í an fhírinne.
77. Tá Dia láidir is mháthair mhaith aige.
78. Is mall ach is díreach díoghaltas Dé.
79. Meillid muillte Dé go mall ach meillid mín.
80 "Téanaim ort" arsan bás le Shíle.
81 "Airgead" a ndubhairt fear na feoirlinge nuair a bhain sé glór as an lic.
82. "Tairrngid ó chéile é" arsa fear lár an t-súsa.
83 "Ag réidhteach chuige" mar adubhairt Tadhg na speách leis
84. Is ionann comhairle agus congnamh.
85. Fear dubh dána.
Fear fionn glibúil.
Fear donn dualach.
Fear ruadh sgigiúil.
86. Ná tabhair do chúl ar chómhairle ar mhaithe leat.
87. Nuair thiocfadh lá tiocfadh comhairle.
88. Is fearr cómhairle le ceannach na comhairle i n-aisceadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padraig O Huallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sraoilleán, Co. Chorcaí