Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siamsa aca san oidhche.
Seo an fáth go mbíonn siad comh anuas ar an ndreoilín mbocht. Fadó nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir Naoimh Stiopháin tháinigh an dreoilín anuas ar an dtor in a bhí Naomh Stiopháin i bhfolach. Thosnuigh sé ag cantain agus do chuala na saighdiúirí é agus do thánaghadar go dtí an tor agus do fuaireadar Naomh Stiopháin agus do mharbhuigheadar é.
Tá sgéal eile leis i dtaobh an dreoilín, agus seo mar deireann na sean-daoine :-
Nuair a bhí an Leanbh Íosa ag teicheadh ó Hearóid, chuaidh sé féin agus a mháthair agus Naomh Seósamh tré ghort in a raibh na fir ag cur cruithneachtan. Ar feadh na h-oidhche d’fhás agus d’aibig an cruithneacht agus ar maidin lá ar na mbárach bhí na fir á baint. Tháinig na saighdiúirí agus
chuireadar ceist ar na fir oibre ar tháinigh an tighearna an treo seo agus cathain? D’freagadar gur thánaghadar nuair a bhíodar ag cur an cruithneacht sin. Bhí an dreoilín ag éisteacht agus d’osgail sé a ghob agus dubhairt sé “Is indé do thánaghadar an treo seo”.- Bailitheoir
- Nora Ní Airthnéadaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Áirthnéadaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60