Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar marbuigheann siad an dreoilín an lá san agus gheibheann siad tor chuilinn agus chuireann siad an dreoilín ar an dtor. Annsan gheibhinn siad ribíní páipéir de gach dath agus cuireann siad ar an dtor chun é do mhaisiú. Annsan chuireann siad éadaighe éagsamhla ortha féin agus deineann siad a n-aighthe do dhathú.
Fadó san dúthaigh séo do bhíodh gléas ceoil de gach tsaghas ag buachaillí an dreoilín, cur i gcás :- Consertína, orgán béil, ceaintín stáin agus uaireannta sáspáin agus do bhíodh siad a mbhualadh le chéile chun “drum” do dhéanamh ach ní bhíodh anois aca ach orgán béil.
Nuair a bhíonn siad ullamh roineann siad in a ngasraí agus tugann siad cuaird ar gach tigh sa pharóiste. Téigheann siad isteach sa chistin agus deineann siad gréas ceoil agus babhta rinnce do mhuinntir an tighe agus tugann siad san airgead dóibh.
Caitheann siad an lá mar sin ag dul mór-tímcheall an pharóiste ó thigh go tigh ag bailiú airgid do’n dreoilín mar dheadh.
Nuair a bhíonn an lá caithte aca ceannuigheann siad biadh agus deoch leis an airgead a bhailigheann siad agus bíonn fleadh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nora Ní Airthnéadaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Áirthnéadaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60