Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)

Suíomh:
Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Risteárd Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Seacheirdeanna”
  4. XML “An Drochshaol”
  5. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí ceathrar clann deag 'na gcómhnuidhe san Dúna, agus sé an ceard a bhí acu ná ag déanamh báid.
    Dheinidís báid cun dul go Sasana Nuadh agus tháinig gach rud a bhí ann ó Inis Arcáin. Dheinadh na daoine na téadracha, na seolta, agus an obair iarainn. Ins na báid a deineadh annso, bhíodh na fir agus an captaoin ó Inis Arcáin leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cecelia Ní Chonchúbhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann na Coise, Co. Chorcaí
  2. Ins an Droch-Saoghal nuair a bhí na prátaí bainte ag na feirmeoirí, théigheadh na daoine ag rómhar arís ag lorg aon prataí a bhí ins an talamh. Ar an am cheadhna tógadh na Protastúnaigh anairthe go dtí na daoine ocracha agus tugad síad go dtí na Caitealach é dá n-iompóchaidís óna gcreideamh. Bhí níos mó na míle duine ar an oilean an t-am sin, ach níor thóg aon duine aca an anairthe. Bhí tighanairthe ( soup house ) in aice mo thig-se.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. (1) " Tráig an Tobar " is eadh an ainm atá ar tráig i naice mo thig-se, mar tá tobar innte.
    (2) " Tráigh na Cloiche " is eadh tráig i naice " Tráigh an Tobar ", agus tá an ainm sin air mar tá sé lán de chlocha
    (3) " Point an Iascaire " iseadh point i naice Tráigh na Bráithre agus tá an ainm sin air ma bhíodh na fir fadó ag iascaireacht ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.