Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)

Suíomh:
Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Risteárd Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéalta Grinn
    Scéal 1
    Fadó bhí taidhbhse in a chomnuidhe san "Urchar", sin áit in aice na scoile ar an oileán seo. Oidhche amháin bhí táilliúir ag dul fan an mbóthar agus chonnaic sé an bhean. Do rith sí in a dhiaidh. Bhí siosúr ag an táilliúir agus do thóg sé amach as a phóca é. Do choimeád sé an siosúr i dtreó na spride mar deirtear nach bhfuil comhacht ag aon sprid díoghbháil do dhéanamh d'aoinne go bhfuil aoin úrlais cruadhach in a láimh aige. Thainigh sé go dtí an sean-mhainistir agus do léim sé isteach san reilg. Níorbh fheídir leis an mnaoi an falla do léim, agus b'éigin di filleadh thar nais go dtí an poll in a raibh sí ag comhnuide. Do chaith an táilliúir bocht an oidhche san reilg. Cúpla lá in a dhiaidh sin bhí sagart ag siubhal thar an áit, agus chonnaic sé an bhean seo agus chuir sé as an áit í go tráigh éigin eile taobh amuigh de Éirinn, agus sé an píonós a chuir sé uirthi ná ag coimhreamh na ngrainní ngainmhe ann.
    Scéal 2 Deirtear go raibh madra ann fadó, agus sé an ainm a tugadh air ná "Madra Trágha Cú". Tá tigh mo sean-mháthair an-ghairid don tráigh ar a nglaodhtar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge