Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Conchubharach Éireamhon”
  4. XML “Na Soupers”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    labhair sé leó agus d'íaraidh sé díobh an bhféadfaidís an t-annchaire mór sin a bhogadh. Dubhradhar ná féadhfaidís é do corraidhe i n-aon chor. Annsan do rug ar an t-annchaire agus do chaith sé ar a a ghualainn é agus thug sé aníos ar an dtalamh é. "An bhfuil sibh sásta anois," ar seisean. "Nílimíd", ar siadh, chaith amach airís é." Do rug Conchubharach ar agus do chaith sé amach as radharch é. "Anois, ar seisean, faighidh é anois," agus do thug sé féin a bhóthar ar abhaile.

    Bhailigh: Conchubhar Ó'Drisceóil, Cnochan-na-mBáirneach, Inis Cléire
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ag gábhail thar an bhFactory aréir dom iseadh d'airigheas sa féin an fíadhach.

    Bhí turn coats an bhaile go léir ann,
    Agus Barry beag caoch 'na dhiaidh,
    Bhí seana gabhar beirithe ar sgéith aca,
    'S iad dhá stracadh ó na chéile síar,
    Ní raibh cuimhne aca ar phaidir ná cré ann,
    Ach an ministir maol dá riar.

    (II)
    An té cífeadh Friday a gcarradh na feóla ann,
    Gá slogadh ina scórnach síár,
    Ba gheall le fearra-chat óg é,
    Nú lé monkey go ndoichfaí a ghiall,
    Dá lámfadh Paddy Ciosóg é,
    Do bhearrfainn do coróinn sa mbliadhain,
    Go gcuirfaí mar weather cock crádha é,
    Sa teampall nár órdaigh Dia
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.