Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na Labhar agus deirtear go bhfuil duine eile des na Fíanna curtha ann.Cáit Ní Drisceóil
Cumolán,
Inis Cléireó Ciarán Ó Drisceóil (56 bl.)
N.B. Deirear annso go gcaithfear an Protastúnach deirneach i nÉirinn le Faill Dhiarmuda. - Do chuaidh fear d'arabh ainim do Dómhnall na Raolach go dtí an aonach lá gus dhá mhuiche aige le díol. Do tháinig ceannuightheóir chuige agus do fhíarfhaig sé dhe cad a theastóchadh uaidh ar an dhá mhuich.
"Fiche púnt," arsa Dómhnall.
"Tá go maith," arsa 'n ceannuightheóir.
Thug sé fiche púnt do Dómhnall, acht fiche púnt an ceann i theastuigh ó Dómhnall. Annsan dúbhairt an ceannuightheóir go gcaithfeadh sé bheith sásta leis an margadh, agus mar sin do bhuail sé bobh ar Dómhnaill. Cuaidh Dómhnall abhaile agus é cráidthe go maith taréis an lae. Bliadhain ó'n lá san airís, bhí Dómhnall ar an aonach agus dhá mhuich eile aige. Do tháinig an ceannuightheoir chuige airís agus do fíarfhaigh sé dhe cad a bheadh uaidh ar an dhá mhuich. Bhé an fear a bí ann ná an ceannuightheóir ceudhna a bhí ann bliadhain roimhis sin.
"Ó, mhaise," arsa Dhómhnall " ní beadh ró dhaor ort"
Gráinne cruithneacht d'fágáilt agus bí 'dhúbhailth ar feadh leath-uaire."
"Tá go maith," arsa an ceannuightheóir, "thaimh sásta leis an margadh sin."
Do thosnuigh sé ag dúbhailt an chruithneacht mar seo.
"Dó meadhuighthe le dó sin a cheathair, dó meaduighthe le ceathair sin a h-ocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, do meaduighthe le sé deug sin a triochadh a dó. Triochadh a dó gráinne sin léás."
Do thosnuigh sé ag dúbhailt an léas airís(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conchubar Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí