School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 160
  3. XML “An Táilliúir”
  4. XML “Ceannaitheoirí”
  5. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Síad seo a leanas na gléiseanna a bíonn ag an dtáiliúir nuair a bíonn sé ag obair:- Seisúr: musúr: meuracán: lambord: Iarann agis cailc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ní bhíonn aon aonach i gCléire agus mar sin is ceannuightheóirí stuic a thagann go dtí an oileán chun na beitidhig a cheannach. Bíonn an feirmeóir ag an ceannuightheóir ag áiteamh ar a chéile ar feadh tamaill. Bíonn siad ag hugstéireach. Annsan buaileann an ceannuightheóir an feirmeóir ar an mbais agus tugann sé an tairgeadh de'n bfeirmeóir agus caitheann se seile air agus cuireann sé ina phócha é. Tugann an feirmeóir réul nó scilling mar ádhmhar de'n ceannuightheóir agus caitheann sé sin seile air agus cuireann sé ina phócha é. Agus annsan bhíonn an margadh deanta.

    Cáit Ní Drisceóil
    Cumolán,
    Inis Cléire
    ó Ciarán Ó'Drisceóil (56bl.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.