Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 159
  3. XML “Easair”
  4. XML “Cuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn na ba isthig ó thosach mí na Nodhlag go dtí lá Bealthaine. Sé an easair a bhíonn fútha ná:- Aiteann, seisc, raitheanach, gaithnim, geatairí, taoí agus a mbead feur raismeamhail do cuirfaí fútha é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Déantar ím gach seachtmhain sa tSamhradh agus gach coigthígeas sa Gheimhridh. Cuirtear an barra i mbairille agus castar tímcheall an bairille. Sé an cuma go naithneófá go mbeadh an coigean deanta nuair a cloisfí glór trom isthig sa bhairille. Cuirtear uisce istheach ann, sa tSamhradh, nuair a bhíonn an cuigean brisde agus castar é annsan go dtí go mbíonn sé cnóstaidhthe 'á dtiochfadh duine istheach an fhaidh a bhíonn an coigean ar siubhal agus mura gcuireadh sé a lámh ar an mbairille ní deanfaí an coigean go deó. Do tháinig fear istheach i dtig fadó shoin nuair a bhí an coigean á dheanamh agus ní dhiaidh sé i ngiorra an bhairrille agus níor deineadh an coigean riamh o shoin. Nuair a bhíonn an coigean deanta leagtar an bláthach de agus óltar cuid de agus cuirtear tuille de sa chíste.
    Bhailig: Cáit Ní Drisceoíl, Cumolán
    Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceoíl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.