Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 149
- XML “Staimpí”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do cuinneóghfá an stairs. Annsan do mheascfá na prátaí a bheadh fáisgighthe agat le plúr, agus leis an stairs, agus braon beag bainne, agus gráinne beag sóda, agus annsan do bheadh sé déanta agat, ach é chuir isteach sa fraochtán agus é cuir ar an dteine.
Proinseás De Búrca,
Trá Cíaráin óNóra Bean De Búrca - Timcheall le seasga bliain ó shoin do bhí fear ag fághailt bháis agus bhí a mhac ar thaobh an leabhaidh, agus dúbhairt sé leis nuair a bheadh sé tar éis bás d'fhághailt go d'tabarfhadh sé ofráil don sagart cun Aifreann a rádh ar son a anam. Ách má dúbhairt sé é sin níor dhéin sé é, mar do dhéin sé dearmhadh ar. Níor cuimhnig sé go deó ar go dtí aon oidhche amháin timceall le trí mí tar-éis bás a áthar, Bhí a bhean ina codhla agus do dhúisig sí i lár na h-oidhche agus do connaich sí fear lasmuigh don leabaidh agus do ghlaoidh sé uirthi trí uaire indhiaidh a chéile, agus dúbhairt sé léi, do geall d'fhear dom, go bhfaigheadh sé Aifreann ráidhe ar son mo anam nuair a gheóbhainn bás, agus níor dhéin sé é fós.Dúbhairt sé léi leis, ón lá a fuaras bás táim fé bhéilich mhór san Lacha Mhór agus beith mé ann go deó go dtí go ndeanfaidh mo mach an rud adúbhairt sé liom sula bhfuaras bás. An lá ina dhiaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Proinséas de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí