Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Comalán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fiadóir, muilltheóir is much, an triúr is bréine amuig.

    Talliúr, piobaire is gabhar, an triúr is aeraighe ar domhan.

    Ceatharar gréasaidhe gan bheith bréagach.
    Ceatharar frannchaigh gan bheith buidhe
    Ceatharar sagart gan bheith sainnteach.
    Sin dháreugh ná faighir sa tír.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Táim um chómhnuidhe ar an mbaile seo go nglaodhtar Cumolán ar. Is é Cumolán an baile is sia soir i gCléire. Tá an Ballach mar theóra ar an dtaobh thoir de, agus an Bágh Thuaidh , ar an dtaobh thuaidh de. Tá an Fhairrghe Mhór ar an dtaobh theas de, agus Ceatramhna ar an dtaobh thiar de. Tá dhá thig déug ar an mbaile seo, agus tighthe slinne iseadh iad go léir, ach amháin dhá thig bheaga, go bhfuil ceann tuighe ortha. Tá ana chuid cabhalach tíge ar an mbaile seo. Do bhí trí huaire an méidh daoine ina gcómhnuidhe ann caoghadh bliain ó shoin, ná mar atá anois, acht an uair sin do bhíodh cheithre tighthe ins cuid dos na feirmeacha ná bhfuil ann acht aon tigh amháin anois. D'fhág ana chuid daoine an baile seo indhiaidh aimsir an Ghortaigh, agus d'imthigheadar leó go America. Do bhí cuid dos na tighthe gur fhág an t-athair agus an mháthair agus na leanbhaide, agus d'fhágadar an tig annsan ag duine éigin eile.
    Do bhí loch ar an dtaobh theas do'n bhaile fadó, go nglaoidís Locha 'Chumoláin ar. Do leag na daoine an t-uisghe as an loch san ó shoin. Is tímcheall na locha sin a bhí tighthe an bhaile go léir fadó. Do bhíodar ag dul soir is siar in aice na locha. Is é an fáth gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí