Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 139
- XML “Coinnle”
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)coinneal deanta aca annsan.Cáit Ní Drisceóil,
Cumolán óThomás Ó Síothcáin,
Cumolán - Laethannta na Bóiríme:-Do bhí seana bó ann fadó agus so bhí sí ag fághail bháis, ach do bhíodh sí á mhaoidheamh igcómhnióidhe á mhairfeadh sí go dtí deire a' Mhárta go mairfeadh sí ar feadh bliana eile. Do tháinig deire a' Mhárta agus ní bhfuair sí bás. Do bhí sí ana mhórálach annsan mar do shíl sí go mairfeadh sí ar feadh bliana eile, ach, "Ní mar a shíltear, bítear." Do thóg an Márta trí lá ar íasacht ó'n Abrán agus do mhairbh sé an tseana bhó. Glaodhtar Laethannta na Bóiríme ar na laethannta sin ó shoin i leith.
Lá 'le Bríghidh:-Níor mhaith lé haoinne treabhadh a dheanamh an lá so. Tá sean fhocal a deireann "Lá 'lé Bríghidh gan trosgadh, gan saoire, gan cead casadh tímhcheall."
Dhá lá dheug na Nodhlag:-Ní dheineadh na daoine, sa tseana shaoghal, aon obair ar feadh an dhá lá dheug sin. Ní cuirtí coinneal mór na Nodhlag eag in ao'chor go dtí go mbeadh an Nodhlaig caitthe. Ní dúntí an dorus in ao'chor Oidhche Nodhlag mar do bhí sé mar bhéaldoidheas go mbíonn an leanbh Íosa agus a mháthair ag gabháil tímhcheall an oidhche sin. Á raidhfá go dtí seómra na mba Oidhche Nodlag ar a dódeug a chlog do chífá na ba go léir ar a nglúina.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ciarán Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí