Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”
  4. XML “Póstaí”
  5. XML “Lá Fhéile Stiofáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    5) Nuair a bhíonn an tasal a chimilt féin leis an gclaidhe sin cómhartha báistidhe.

    Geimhridh ceómhach, Earrach reómhach, Samhradh riabach agus Fóghmhar grianmhar.

    Cáit Ní Drisceóil,
    Cumolán ó
    Nóra Bean Uí Drisceóil, Cumolán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ní phósann aoinne i gCléire Dia Lúain ná Dia Ceadaoín ná Dia hAoine ná i mí na Bealthaine. Tá sé cómruighthe a ámhrach pósadh i mí Abráin nó i mí Meadhon Fóghmair.
    Fadó shoin do phosadh na daoine san áit seo san Ionaid. Do bídis ag deunamh cleamhnaisí ó Dómhnach Feuch suas go dtí Domhnach a' Puis. Do phósadh ana cuid díobh Oidhche Mháirt Inide. Tá sean fhocal a deireann,
    " Pósadh na Cásca pósadh lé háthas,
    Pósadh na hInide pósadh lé dithineas "
    Do bhíodh cómhaisire i dtig a' chailín agus cómhaisire i dtig a bhuachalla. Do bhí dhá thíarsa pórtair ins gach tigh díobh agus rínnce ó thuitim oidhche go dtí maidin geal.
    Deirtí go mbeadh an lámhnú ana ámhrach 'á mbeadh "rud éigin nua, rud éigin críona, rud éigin gorm, agus éigin ar íasacht" á chaitheam aca an lá a phósadís.

    Cáit Ní Drisceóil
    Cumolán, ó
    Pádraig Ó Drisceóil, Ceathramhna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Do mharbhuigheadh na buachaillí go léír dreóilín gach Lá le Stíopháin agus do théidís isteach ins gach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Stiofáin (~402)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí