Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 135
- XML “An Máistir Bán”
- XML “An Solas Geataire”
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thabhairt aníos leó agus é do chuir síos airís ar maidin amáireach. Múinteóir cuibhseach maith dob eadh an Máigistir Bán.
- Fadó shoin ní raibh aon phairifín, ná aon choinneal ann, agus sé an sórd soluis a bhí ag na daoine ná solus geataire. Do théigeadh na daoine amach sa phort agus do bhainidís geatairí agus do scuadhidís an croiceann díobh. Do théidís leis an dteine annsan an geataire agus do chuiridís isteach i slige é agus do chuiridís trien éisg isteach ins an slige, agus do chuiridís an geataire anuas ar sin. Annsan do geibhidís match agus do lasadís an geataire agus do deineadh sé solus breágh.
- 1) Cómhartha gaoithe i rith an lae iseadh boinnleach ar maidin. 2) Cómhartha go bhfuil stoirm chúghainn iseadh lasair gorm sa teine.3) Nuair a bhíonn an coileach ag glaodhach sin cómhartha báistidhe. 4) Pé'n treó na mbíonn an cat ag feuchaint nuair a bhíonn sé á shlíobhadh féin bheadh an gaoth as an treó sin amáireach.(leanann ar an chéad leathanach eile)