Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Máistir Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do sguabadh ar dtír é in Inis Arcáin. Tugtar Carraig an Phuirtinéalig ar an gcarraig sin ó shoin i leith.

    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán, Inis Cléire
    Fuaireas ó: Thomás Ó Síothcáin, Cumolán (75 bl)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí máighistir scoile igCléire tímhcheall le trí fichidh bliain ó shoin agus sé an ainm a bhí air ná Seán De Young. Do thugadh na páistí "Máigistir Bán na Coise Briste" air toisc go raibh staf ina chois. Do thugadh na buacaillí pingin chuige gach maidin Dé Luain nú mur a mbeadh an phinghin aca do thugaidís buidéal bainne chuige agus sin é an págh a bhí aige. Do bhí sé ró bhocht chun dul ar a lóisdín agus is ins an scoil a bhíodh sé ag maireachthain agus sé féin a bhíodh ag ríarú(?) an bhiadh do féin. Do thugadh cuid des na daoine mála prátaí chuige agus do thugadh cuid eile aca mála plúir muillinn cuige. Do bhí chuid des na páistí na tabharfadh an pingin chuige agus sé deireadh an máighistir leó ná:
    A Chon Mhóir a trousair bhrisde, A Chon Tarey gan aon phingin cuir sé abhaile chugam sa mo scilling", A Spalpín Fánach ó Chnocán na mBárneach, cuir sé abhaile chugam sa mó tistiún amáireach. Is a Sheán Thamey na gCuiluig. "Seadh mhaise", arsa Seán Thamey, "is máigistir bán na coise brisde".
    Sé an pionós a chuiread sé ar na páistí ná bíodh a gceacht aca ná dul síar go dtí an roilig agus cnámh lé Concubhach Éireabháin a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.