School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 128
  3. XML “Scéal Toirní”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt cailíní óga na gcómhnuidhe annso 'sa Gleann aon uair amháin agus bhíodar ana ceanghamhail ar a céile. Bhíodar ar muin muiche ar fhead tamall agus téileadar go leanach sé ach mar a deir an sean-fhochal "Ní mar a thíltear beitear". Do thuit an chailín ba sheine bróidte agus do fuair sí bás i gcionn coighthigeas. Nuair a bhí sí ag fághail bháis do bhí an cailín eile ag taobh na leabthain ag gol agus dubhairt sí leí. "Tar cugham tar éis do bháis?" agus dubhairt an cailín bróidte agus gan innti acht an tnag, "Tiocfhaidh mé".
    Bhí sí ag feitheamh leí ar feadh trí mí tar éis a bháis ac sa deire tháinig sí. Aon oidhche amháin a bhí sí ag sníomh do osgailaibh an dorus agus tháinig sí isteach. Dubhairt sí leis an cailín beó gan an méid sin trioblóid do chuir ar aoinne eile go deó airís. Annsan d'iarraidh sé di cá raibh sí ar feadh an trí mí a bí sí ag feitheamh di. D'innis si di go raibh sí in áit atá san Gleann go glaotar "Leac-na-Bainne." Thug sí seacht grainí corneacht di agus dubhairt sí lei go mbeadh sí marbh i gcionn seacht bliadhna. Nuair a ghlaodhadh an caileach ar maidin d'imthigh sí airís agus fuair an cailín beó bás seacht bliadhna díreach ón lá san.
    Bhailig: Eibhlín Ní Ceadhagáin, Gleann
    Fuaireas ó: Pádruig Ó Coitir, Gleann Shiar
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear annso sa Gleann timpall céud bliadhain ó shoin agus cuaidh sé ag iasgaireacht le slat leas thiar do Tig a' tSolus as
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Ceadhagáin
    Gender
    Female
    Address
    Gleann Iarthach, Co. Chorcaí
    Informant
    Tadhg Ó hAongusa
    Gender
    Male
    Age
    78
    Address
    Gleann Iarthach, Co. Chorcaí