Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “An Mianach - Matalang”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí iasgairí i dTrá Chiaráin i mí na Samhna, 1920 agus do chonaiceadar bairle, dar leó ag snámh thuas sa bhádh thuaid. Do chuaidh beirt aca isteach i mbád beag agus do chuadar suas chun é do thógaint. Ní rabhadar abhfad imthighthe nuair d'imthig bád mátair suas ina ndiaidh agus cúighear fear innti. Do bhíodar féin agus na daoine a bhí sa bhád beag ag rás lé na chéile feuchaint ciaca aca is túisce a a bheadh thuas chun é do thógaint. Sa deire do rás an bád mór agus do mhaobuigeadar an cuiríocht nuair a thánadar in aice an bhairle. Do thrialadar ag dul tímceall air ach ní fheadaidís é agus(?) do bhuailedar ina choinnibh. Ach faríor ní bairile do bhí ann ach mianac agus an túisce a bhuaileadar é ná gur shéid sé suas san aer iad, idir, bád daoine agus uile. Do bhí sganrrad a gcroidhe ar an mbeirt a bhí sa bhád beag ar eagla go dtuitfheadh an blas agus an tadhmadh a bhí sa bhád eile isteach sa bhád agus go marbheóchfaí iad féin leis ach buidhcheas le Dia níor marbhuigheadh.
    Siad na daoine a bhí sa bhád mór ná Micheál Ó Ceadagáin, Eógain Ó Dálaigh, Seán Ó Lionáin, Miceál Ó Ceadagáin agus Pádraig Ó Maolmhuoidh. Do caitheadh iad go léir suas san aér agus ní fheachathas ó shoin iad ach amháin Micheál Ó Ceadagáin agus Seán Ó Lionáin. Do tógadh iad san bhádh beag. Do bhí Micheál Ó Ceadagáin slán agus tá sé ag maireachtain igcomnuidhe ach do bhí agaidh(?) Shéan Uí Lionáin imtighthe agus a innithinn briste, slán mar a ninnstear é.

    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán, Inis Cléire
    Fuaireas ó: Chiarán Ó Drisceóil (56 bl.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí