School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 112
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí fear o Lios-na-Móna ag siúbhal aon oidhche amháin. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do casadh fear ar, ar an mbóthar, agus níor aithin sé in-aon-cor é. Do rug sé ar láimh ar, ách níor labhair sé leis in-aon-cor. Annsan do sgaoil sé a lámh airís, agus cuaidh an fear abhaile.
    Nuair a bhí sé sa bhaile tháinig ana éagla ar, agus d'iarr a áthair do cad d'imthig ar. Annsan d'inis sé an sgéal go léir dá áthair. Dubhairt a áthair leis go bhfearra dho, é ínnsint don sagart. D'inis sé don sagart é, agus dúbhairt an sagart leis teacht cuige féin is t-oidhche amáireach, agus dubhairt an fear go ragadh. Pé sgéal é, nuair a tháinig an oidhche amáireach do cuaidh an fear go dtí tig a' tsagairt, agus cuadar ar aon go dtí an áit 'na bhfeacha sé an fear an oidhche roimhis sin. Nuair a bhí an beirt aca ann ar feadh tamaill, tháinig an fear cútha, agus do labhairt an sagart leis. Bhí fhios ag an sagart nárbh fear ó'n saoghal seo in-aon-chor é. D'iarr sé do cad a bhí ag teastáil uaidh, agus dubhairt sé go raibh gaol aige leis an bfear, agus gur mhaith leis go bhfagadh sé Aifreann ráidhte ar san a anam. Annsan cuadar abhaile, agus an lá 'na dhiaidh sin dubhairt an sagart Aifreann do. Ní fheacaidh aoinne as san amach é.
    Bhailig: Proinséas De Búrca, Trá Cíáráin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Proinséas de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
    Informant
    Séamas Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    21
    Address
    Comalán, Co. Chorcaí