Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall le trí ceadh bliain ó shoin, nú béidir níos mó, d'fhág long áit éigin abhfhadh ó bhaile agus bhí córa óir innti, mar pháirt dhá ualach. Tá sé chómh fada san anois ó tuit sé amach, ná bhfuil i fhios ag aoinne cad é an tír d'fhág sí. Nuair a bhí sí ar an mbótar abhaile, do tháinig Piorataí suas leí agus do guidheadhar an t-ór aisti. Nuair a tháinig an long abhaile do craobhsgaoileadh gur guidheadh an t-ór t-ór aisti, agus d'imthig árthach ríoghamhail amach a lorgh an Phiorath, acht má sead níor tánadar suas léí mar bhí cuisidheacht níos feárr ag an bPiorath ná ag an t-ártach eile. Do tháinig long na bPiorathaí isteach chómh fada le Costaí na hÉireann, agus ní mór ná gur rugadh ortha ar an dtaobh theas do Cléire. Do tháinig an dhá ártach isteach an beallach, agus tá sé ráidhthe gur chasadar pointe agus ins chás go ndeigh an Piorat amúgadh timcheall na gcarraigeacha. Is dócha gurabh é an bunadach do tháinig ortha mar ball íargúlach iseadh Cuas-a-Bháid, mar do chuireadhar an fear-gorm ar dtír agus an córa óir ina theanntha.
    Deir sean-daoine go bhfuil an fear gorm curtha in aiche an tsrutháin atá ag dul síos sa Chuas, agus an córa-óir curtha ina teanntha, agus go bhfuil chloch bhán aga cheann. Acht pé 'ca fíor ná breagh é, tá an srután agus an cloch bhan ann le feischint fós. Tá rudh eile a bhí ráidhthe, sin go raibh gort in aice leis go raibh poll mór fé thalamh ag dul ó'n bhfairrghe, isteach suas fé, agus tá an pháirch sin ann agus ní fios cad é an fhaid atá a poll ag dul isteach fuithi. Deirthear go ndubhairth an fear-gorm sul ar fuair sé bás, go gcoimeádhfhadh sé an córa óir chómh mait nuair a bhí sé marbh, is do coiméad sé é nuair a bhí sé beó.
    Do cualaidh mo athair dhá rádh go gcualaidh sé 'áintín dhá rád, go gcualaidh sí sin áintín a chéile dhá rád nuair a bhí sí ina cailín beag go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí