Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 089

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 089

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 089
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanfhocail”
  5. XML “Céachta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó i gCléire ní bhíodh aon ceactanna mar atá anois. Ách ní foláir dos na daoine iad féin le adhmad. Ní ngach aoinne a fheadfhad iad do dhéanamh in-aon-cor.
    Bhí aon fear amháin ar an Oileán darab ainm Seán Ó Dálaig, agus bhí sé níos feárr ná aoinne eile cun iad do dheanamh. Aon lá amháin dá raibh sé ag rómhar le rán dubhairt sé leis féin, i bhfeadfhadh sé cuimhneamh ar aon seift eile seacas é seo. Annsan tháinig smaoineamh isteach 'na ceann, céacht a dheanamh le adhmadh, idtreó go bhfeadfhadh sé an dtalamh a threabha le capaill agus an céacht, gan é bheith á marbhú féin ngach aon lá leis an rán. Aon lá amháin thosnuig sé ar an gcéácht a dheanamh, agus d'éirig leis é dhéanamh gan aon trioblóid.
    Nuair a bhí sé deanta aige do chuaidh amach sa pháirch agus fuair sé dhá capall agus do thosnuig sé i threabha, agus d'eirig leis go maith an pháirc do threabha in aon lá amháin, agus bhí ana áthas ar mar ní bheadh sé déanta go deó aige leis an rán. As san amach do bhíodh an plan nuadh ag ngach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinséas de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Séamas Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    21
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí