Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó, agus bhí sí damanta. Do bhíodh sí ag cur sgannradh ar ngach aoinne a thagadh na threó. Bíodh an sagart ag faire uirthi i gcómhnuidhe chun fiafhraidhe di, dé'n cúis ina mbíodh sí ag cuir sgannradh ar ngach aoinne. Pé sgéal é aon oidhche amháin do bhuail se léi. D'iarr sé di dé'n cúis ina raibh sé mar sin. Dubhairt an sagart léi go gcuirfhedh sé go Carraig Aonair í. Dubhairt sí leis á gcuirfheadh ná leogfhadh sí aon árthach tháirse gan í bhágh. Dubhairt sé léi go gcuirfheadh sé féin i mball í ná feadfhadh sí aon díobháil a dhéanamh. Deirtear gur chuir an sagart go dtí an Muir Dearg í, nú áit éigin ina dhiaidh sin.
    Bhailig: Proinséas De Búrca, Trá Cíaráin
    Fuaireas ó: Dómhnall Ó Céadagáin, Coinlín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinséas de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Céadagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Coinlín, Co. Chorcaí
  2. (1) Fothrom cóistí, agus pócaí follamha
    (2) Ná clois a gcloisfir, is ná feich a bhfeicfear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.