Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 073
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Ministir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear mar do marbeóchfá sa mé."
    Annsan do thug an Fear Dubh iarracht ar léimt istheach chun breith air ach do theip air. Sa deire do ghlaoig coilg an bhaile agus dubhairt an Fear Dubh
    " Eirigh abhaile anois."
    "Ní raghadh," ars an fear, "Níor ghlaoidh mo choileach feín fós."
    Sa deire do ghlaoidh a choileach féin
    "Teírig abhaile anois," arsan Fear Dubh.
    "Ní ragadh," ars an fear.
    Annsan do thug an Diabhal árd leím istheach chun breith air, ach do séid an fear an uisce cosaireach amach air agus do bhí fhios an an ndiabhal annsan go raibh buadhte air, agus d'imthig sé na splannc suas san aér gus do chuaidh an fear abhailte sabháltha.
    Bhailig: Cáit Ní Dhrisceóil, Cumolán
    Fuaireas ó: Conchubhar Ó Drisceóil, Ceathramhna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí sa lá liomh féín, do thárla me ar thaobh na fothanna,
    Do bhuail liom ceathrar stay, Do bhí an ministir chaoch ar dhuine aca,
    D'iafruigheas do'n ministir cáoch, mar bí an té ba léigheadh is ba shine aca é,
    "A dtabharfá puinn do'n té ar a ndul go léir go hIfrinn."
    Ó's dubhairt sé liom ná feadar sé féin, mar go raibh marca na gcaor a 'tuitim de,
    Agus nuair a bhídís ag ól na té, gurabh é féin a bhíodh ag séideadh na teine dhóibh.
    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
    Fuaireas ó: Conchubhar Ó Drisceóil, Ceathramhna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Conchubhar Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    Ceathrúna, Co. Chorcaí