Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 071
  3. XML “Conchúbharach Éireamhon”
  4. XML “Bacach a Dúirt é seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i Licín, agus bhí anaithe ag dul suas ar an mbán. Do bhí Conchúbharach ina codhladh agus dubhairth 'athair leis, go dtabharfadh an t-anaithe leis an bádh mar i ragaidh sé fé na géin. D'eirigh Concubharach agus do imthigh sé ó thuaidh go Licín, acht sé an rudh do dhein sé ná'n an bád do chuir ar a gualainn agus í tabhairth abhaile leis. Do bhí 'athair ag cnámhsáil i gcómhnuidhe, mar níor innis a mach do in aon chor cá raibh sé, agus bhí an t-anaithe ag eirighe. Acht sa deire dubhairt Conchúbharach, "Eirigh a codhladh annsan dhuit féin, mar ná bhfuil an bádh san go maith, tá sí amuig annsan ceanghailthe do'n claoide."
    Deir na sean-daoine go raibh dríothbhair ag Conchúbharach Éireamhon, a bhí abhfhad níos mó agus ní láidire ná é féin, agus d'imthig sé ar a bhfairrghe in árthach smughléirí; is na fir is treise a bhíodh le fághailt a bhíodh ionntha san. Do phós Concúbharach sa tseana laithreach, mar a thógfadh suas agus do rugadh é. Do mhair sé saoghal fadha, agus tá sé curtha i "Roilig Naomh Ciarán."
    Bhailig: Máire Ní Drisceóil, Cumolán Thuaid
    Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ragadh sa anonn go Sasana, mar a bhfaghaidhmé ór,
    Is airgeadh, cailiní deasa in aice liom ag glaodhach ar cháirtín díghe.
    Beidh punch is beóir is beatha agam i líonadh na ngloiní airgeadh,
    Is an Landlady dhá labhairt liomh go gcaithfimídh í do díol.

    * * *

    Do cuireas mo lámh um pócha is ní bhuail, amom acht feóirlingh,
    do thugas do mhnaoí an óil í mar scóre i gcóir na díge.
    Do chomháin sí síos na córta i gciúneas gur giní óir í,
    do bhogas orm mo bhóthar is nách tóstalach a bhíos.

    * * *

    Cé gur bacach mé atá ar aon chois, is, is ró bhréág mar a shiubhailimh Éire is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí