Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “Scéilín Grinn”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Domnach Mór. D'eirig ana argóint eatortha is do bhí an fear ag eisteacht leo nuair a conaic sé an sagart ag teacht cun na tsochraidh. Cuaidh sé na coinnibh ar an bóthar agus seo mar do labair sé leis. Innis dúinn a cléir os tú atá na úghdhar cóir cuighe clocha is goire do Flatas Dé an Domnach Mhór nú Cill Créig.
    Bailigh: Caitlín De Búrca, Cumar
    Fuaireas ó: Padraigh Mach Coithir, Gleann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fiaghadóir a fuair bás uair amháin agus bhí stadh na cainnt. Ar nós na bfiadoírí go léir ní ró maith an saoghal a bhí caite aige agus do daoradh cun ifreann é.
    Nuair a táinig sé chun beal doruis ifrinn d'fiafruigh an diabhal a bhí istig de cerbh á bhí ann. Fí, Fí, Fí ar seisean ar deireadh d'eirigh leis an focal a tabairt amach. Ceap an diabhal gur sluagh fiadhoírí a bí ann. "Chuiridh as so go mear," ar seisean "níl aon gnó agam díb tá ionamhadh agaibh ann. Dá mbead triúr nú ceathrar agaibh ann do leogfainn isteach sibh ach scuaimhe mar sin. Imtig agus ná bí im bodhradh." Deirtear nár daorad aon fighadoír go hifrinn riamh ó shoin.
    Bailigh: Caitlín De Búrca, Cumhar
    Fuaireas ó: Bean Uí Duinnín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.