School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 064
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amháin i gCorchaig bhí ana cuid fear ag iompar anncaire agus do thugadar an lá go léir ag plé leis, ách má thugadar féin ní fheadfhaidís é iompar. Sa deire tháinig fear ó Cléire darb ainm Concubharach Éireamhóin cútha, agus dubhairt sé leó go dtógfhadh sé an t-anncaire dóibh in aon neómat amháin gan aon trioblóid. Tháinig sgannradh ortha go léir nuair a cualadar an fear á rádh san. Dubhradar leis é dheanamh ách do thíleadar ná feadfhadh é dheanamh go deó, mar do bhí oiread aca féin á iompar agus ná feadfhaidís é iompar in-aon-cor, conus a fheadfhadh aon fear amháin é iompar. Pé sgéal é ní dubhairt sé aon nídhe ách do chuir sé síos a lámh agus do thóg sé an t-anncaire le aon láimh amháin. Tar éis é thógaint dubhradar leis go raibh cúpla lá nú seachtmhain págh caillthe acha anois, agus cad na thaobh nár leog sé an ancaire san áit ina raibh sé. Nuair a dubhradar é sin do thóg sé airís é agus do caith sé píosa mór uaidh é. Thug sé obair i ndóithin annsan dóibh é thógailt aníos airís.Dubhairt sé leó go mbeidís buidheach do nú aoinne eile a thógfhadh aníos airís dóibh é. Annsan d'imthig sé uatha agus bhíodar chómh olch is a bhíodar riamh.Bhailig: Proinséas De Búrca, Trá Chiaráin
Fuaireas ó: Séamas Ó Drisceóil, Cumolán Theas- Collector
- Proinséas de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
- Informant
- Séamas Ó Drisceóil
- Gender
- Male
- Address
- Comalán, Co. Chorcaí