Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 063

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 063

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 063
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí fear i gCleíre agus bhíodh sé ag imirt cártaí ngac aon oidhche. Oidhche dá raibh sé ag dul thar ball uaigneach cualaidh sé glór éigin greannmhar agus d'éist sé leis ar feadh tamaill. Fé dheire tháinig duine cuighe agus d'iarr sé do cá raibh bun a gnótha, agus d'inis an fear dho, agus dubhairt an duine a tháinig cuige, leis, teacht i mball áirithe igcóir an oidhche a bhí cuighe, agus ní dubhairt an fear aon nídhe. Annsan d'imthig sé uaidh, agus d'inis sé an sgéal don sagart. Dubhairt an sagart leis dul ar thaobh cnuich agus teine mhór a dhéanamh, agus coileach ó'n Márta a thabhairt leis agus é chuir ar a glúin agus do dhéin an fear é sin.
    Tháinig an namhaid cuighe, agus do thriall sé é do mharbhú ách níor fhead. Nuair a thrialach sé é mharbhú do glaodach an coileach trí huaire.
    Nuair a tháinig an lá d'imthig an namhaid agus níor fhead sé an fear a marbhú.
    Bhailig: Proinséas De Búrca, Trá Chiaraín
    Fuaireas ó: Séamas Ó Drisceóil, Cumolán Theas
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.