Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí fear i gCléire, agus cuaidh sé ina codladh oidhche amhain, agus do thosnuigh sé ag taidhreamh. Do thaidhreamh sé go raibh próca óir shuas in áit éigin i gCnoch Cairntín. Thíl sé go mbeadh sé saidbhir go deó leis á bhfeadfhadh sé é fhághailt. An maidin na dhiaidh sin nuair d'eirig sé d'ith sé a bhreicfeast agus níor leog sé aon nídhe ar. Dubhairt sé leis feín go raghadh sé suas ar an gcnoc i lorg an óir, agus ná neósfhadh sé dóibh in aon-chor sa bhaile cá raibh sé ag dul go dtí go dtiocfhadh sé thar nais leis an próca óir. Annsan fuair sé rán agus slúasad agus d'imthig sé leis go dtí an áit. Nuair a bhí sé cómh fada leis an áit do thosnuig sé ag deanamh poll, agus níor stad sé go dtí gur dhéin sé poll a bhí sé trighthe, nú níos mó i ndoimineas, agus mo creach is mo cás ní fhuair sé an t-ór.
    Nuair a bhí sé truiseach ó bheith á lorg do cuaidh sé abhaile, agus bhí sé cómh olch is a bhí sé riamh.
    Fuaireas ó: Seán Ó Ríogáin, Cnocán-na-Caoithig,
    Bhailig: Proinséas de Búrca, Trá Chiaráin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinséas de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Ríogáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Cnocán an Choimhthigh, Co. Chorcaí
  2. (1) Is maith an capall ná faighean bara thuisle.
    (2) I dtosach na h-aicíde is fusa í leigheas
    (3) Ní daortha go breith an breitheamh
    (4) Duine do cómhairle, duine d'fhuath
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.