Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Lá le Micíl, An Púca san Fharraige”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le linn do rádh dho do shéid sé é féin amach sa bfairrge. Do bhí circ aca losgail le neart aimsire ar an gcuan. Ach (?) do, do bhí fear ar cheann an Cé rómpa agus níor thógadar an teud uaid in adhcor Ach an flít eile go léir diar sé an teud ortha ach ní cuinneóchadh sé dóibh é in ao'cor. Do baghadh iad go léir ach an bád go raibh an púca innti. Agus ó'n lá san go dtí an lá indiu sean fhocal iseadh é, "Lá lé Michil an púca sa bfairrge."

    Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán,
    Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do tainig easpog go Cléire fadó shoin ó Cuaisín an Tuirc agus do chuir an bád abhaile an oidhche sin mar ba gná do agus do feisteadh i dTrá Chiaráin í. D'eirig stoirm san oidhche agus do smuth sí na cuedtha agus do sguabadh amach í ar an dTráig agus do stuir sí í feín ar Chuaisín a'Tuirc trí corp a ghála (?).
    Do bhí na daoine gur leo í á lorg an lá ina dhiaidh sin agus ní bhfuaireadhar í. Do chualadar cúpla lá nó trí ina dhiaidh sin go raibh sí i gCuaisín a' Tuirc saor sábhála mar a chuireadar an tEaspog ar dtír an lá roimis sin. Do deineadh iongna dhí annsan conus a tugadh sábháltha í mar ní raibh aoinne beó innti. Do dhein duine éigin abhran annsan agus seo mar a dubhairt sé:-
    "Do bhí na fúráin ag buairig agus na suantaí lé chéile,
    Do bhí an tEaspog ag stuiradh fan ar siubhal ó Oileán Éine
    Ní do cláiríní raice ná do chipín brian délach,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí